Seachtain na Gaeilge 2024
Ghlac Scoil Bhríde páirt i Seachtain na Gaeilge le déanaí. Bhí gach rang chomh maith leis na múinteoirí ag iarraidh an Ghaeilge a labhairt agus a chleachtadh I rith na seachtaine sin. Bhí lá glas againn ar an Aoine agus bhí na páistí go léir ag caiteamh éadaí glasa. Bhí an-spraoi agus spórt ag chuile dhuine ag plé leis na himeachtaí go léir seo leanas.
- Tráth na gCeist sa Halla
- Pharáid sa Cábán tSíle
- Tóraíocht Taisce
- Pictiúrlann
- Cleachtadh Cuarda
- Comórtas Ealaíne
- Naíonáin Bheaga Cheolchoirm
Féach ar na grianghraif thíos ó Sheachtain na Gaeilge. Mol an óige agus tiocfaidh sí.